Showing posts with label modern fairy tales. Show all posts
Showing posts with label modern fairy tales. Show all posts

Sunday, March 14, 2021

Gearrscéal: Ann agus Troscán: Rialacha an Tí

 

 Ann agus Troscán: Rialacha an Tí

 by JMCressy

 

 

Taobh amuigh, labhraíonn na crainn  idir a gcéile faoi báisteach milis agus grian te.  Istigh an teach, ní raibh sé chomh síochánta.

"Ná bia ag roinnt."

"Ceart go leor. “

“Nó éadaí.”

“Cinnte, is dóigh.”

“Ná bí ag cúlchaint le aon duine fúm.”

“Ná bí ag caint faoin bhfear dathúil nua fiú?”

Thost Troscán.  “Ceapann tú gur fear dathúil mé?”

“Ar ndóigh!” a dúirt Ann. “Sióg nó elf atá ionat.   Nach bhfuil do mhuintir go léir álainn?”

“Níl gach duine de na Daoine Maith álainn le daoine.”

“Bhuel, is dóigh libh go bhfuil gach duine gránna.”

D’fhéach Troscán uirthi go dáiríre.  “Titimid i ngrá le anamacha, ná dathúlacht.”

Baineadh siar as Ann.   “Anois, do shúile...”

“...ómra te agat,”  chuir Troscán bailchríoch ar a habairt.

D'fhéach siad ar a chéile fan tamall.

Chroith Ann í féin.  “Mar sin, rialacha tí !”

“Go díreach! Teastaíonn siad seo uainn. Níl mé ag iarraidh bogadh.”

“Bog? Níl tú ceangailte leis an áit seo?”

“ ‘Mar gheall ar gheasa ársa’ ?”  Gáire Troscán.  “Níl, is maith liom an áit seo.   Ach má tá na Rialacha briste, ní bheidh aon rogha agam ...”

Ansin, chuala siad cnag ar an doras.

Bhí cuma bhuartha ar Troscán, ach a dúirt Ann, “ Ná bí buartha.  Níl ann ach Auntie.”

D’oscail sí an doras.  Sheas seanbhean ar an bpóirse. Bhí gruaig ghearr, daite uirthi  agus  bhí  súile donn aici, cosúil le Ann.  Chaith sí léine gheal le bláthanna trópaiceacha agus bhí go leor fuinnimh aici.

“Oh haigh, Auntie!” a dúirt Ann. “Tar isteach!”

“Go raibh maith agat, a stór.   Thángamar as.. Sin iad!”  Bhí an cána agus an umar ocsaigine in aici leis an doras.  “D’imigh muid ar a leithéid de dheifir. Tá sé dochreidte, nach é? Mothaím...”

“ ...‘Fiche bliain níos óige.’  Dúirt tú arís, " a dúirt Ann.

“Ar a laghad!  Bhuel!  Seo cé a bhí tú i bhfolach!”

D'amharc Ann uirthi le huafás.  Bhí a haintín ag féachaint go díreach ar Troscán.

Sheas Troscán ag an scanradh freisin.  “An bhfeiceann tú mé?”

“Is féidir le gach cailín tú a fheiceáil!” a dúirt Auntie. “Tá sé dathúil, nach é?”

Chas Troscán a cheann agus d'fhéach sé ar Ann. “Is féidir léi mé a fheiceáil.”

“Na habair!” dúirt Ann de chogar.

Shín Auntie amach a lámh chun Troscán.   “Is mise Aunt Gabby.  Glaoigh orm ‘Auntie’.”

“Croith a lámh,” dúirt Ann.  “Bhí  normálta.”

“Haigh. Is mise Troscán.  Tá mé i mo chónaí san áiléar.”

 

“I ndáiríre? Tá lochta ag mo mhac sa Ghearmáin.  An bhfuil tú i do chónaí in aice láimhe?”


“Tá. An-ghar.”

“Agus tá an feisteas sin go hiontach! An bhfuil sibh ag dul chuig cóisir?”

Bhí Ann buíoch as an leithscéal.  “Sea! Níos déanaí,” a dúirt sí.

“Um tráthnóna,” dúirt Troscán.

“Anocht,” a dúirt Ann.

“Sin réalaíoch.  Tá an chuma air go bhfuil adharca ort i ndáiríre!”

“Cén fáth go bhfeiceann sí mé?”

“Níl a fhios agam...”

“Bhuel, táimid dul go dtí an Spáinn! Feicfimid sibh i gceann coicíse!” a dúirt Auntie. “Tá spraoi againn! Go deas bualadh leat! Slán!"

Thóg sí na rudaí agus d’imigh sí.

Bhí siad báite ina gcuid smaointe ar feadh tamall.

“An raibh an bainne atá ann?” a dúirt Ann

B'fhéidir.   Ach, nach bhfuil sé sin thart?

“Fan! Ar ól tú mo bhainne?

Ar ndóigh. D’ól tú mo cheannsa. Ní dochar ar bith é sin.   Gan an draíocht, an tsubstaint...”  chuaigh a ghlór in éag.

“Déantar tú básmhar?

“Ná bí amaideach. Díreach le feiceáil.  Bhí an tsubstaint a bhí fágtha dhá uair chomh trom.”

Dhún sé a shúile nóiméad.

“Damnú air!” a dúirt sé.

“Ceard?” a dúirt Ann.

"Ní féidir liom mé féin a chasadh dofheicthe."

“An bhfuil sé sin go dona?”

“Tá.  Ní fheictear dúinn riamh ach amháin iad siúd atá in ann a fheiceáil. Agus iad siúd a roghnaigh Féach.

“An bhfuil sé buan?”

“Níl a fhios agam.   Ach mura bhfuil, tá trioblóid ag teacht.”

Anois bhí na crainn go ciúin. Ach níl an ghaoth suaimhneach.  D’fhéach Ann ar an spéir amuigh.  Rith scamaill dhorcha stoirmeacha roimh ghaoth, agus é ag brostú chun a rúin a insint.

Cibé rud a bhí ag teacht, bheadh a fhios acu go luath.


~~~

Nótaí údar: 

Bheith sé sin deireadh gearrscéalta ar feadh tamall.  Rinne mé iad a cleachtach mo chuid Gaeilge.   Ach anois, tá obair ar mo scéalta eile(faraor, as Béarla) uaim.  Agus rudaí ealaín mar sin.  Beidh mé ar ais le Troscán agus Ann, lá amháin.  

Go raibh maith agaibh.

JMC

~~~

Scéalta le Ann agus Troscán

1: Naoi Bhfocal, Ón Taobh  (Ar dtús i mBéarla)

2: Bainne na nÓg

3: Rialacha an Tí


Friday, March 5, 2021

Gearrscéal: Ann agus Troscán: Bainne na nÓg

  

Ann agus Troscán: Bainne na nÓg

by JMCressy




Seachtain an-aisteach a bhí ann le Ann. 

Ar dtús, ag a háit oibre, chuir siad córas ríomhaireachta nua.  Ansin rinne sí dearmad go raibh a uncail agus a aintín ag teacht ar cuairt inniu. Agus, bhí a lán rudaí draíochta a chonaic sí anois: sióga sa ghrian, sióga ar bhláthanna, ar na crainn, agus ceann san áiléar nach raibh ar eolas aici faoi. Troscán an t-ainm a bhí air, agus, seachas a adharca, bhí sé ina fhear óg dathúil. Cé a fhios cá fhad a bhí cónaí air sa teach céanna. Ach, cosúil leis nó nach raibh, bhí comrádaí tí aici.

Ba é Dé Sathairn inniu, an lá a raibh aintín agus uncail Ann ar cuairt.  Bhí siad an-sean agus ní raibh sláinte mhaith acu. Bhí droch-chromáin ag a haintín agus d’úsáid sí cána. Bhí emphysema ag a uncail agus bhí ocsaigin ag teastáil uaidh i ngach áit a ndeachaigh sé. Bhí súil aici nach dtarlódh aon rud aisteach agus iad ag a teach. Bhí sé ró-dhéanach a gcuairt a chur ar ceal. Mar sin, nuair a chonaic sí Troscán—sin corr-ainm! – go bhfuil ag oscailt an chuisneora agus ag ól díreach ón gcartán bainne, chaill sí a meon.

Cad atá á dhéanamh agat?” a scairt Ann, ag rith sa chistin. Bhreathnaigh sí sa chuisneoir. Shuigh an bainne gan oscailt. Ach bhí an cartán bainne céanna i lámh Troscán.

"Cad?" a dúirt sí, mearbhall uirthi.

Tá daoine chomh neirbhíseach ,” a dúirt Troscán. “Is liomsa é seo. Is leatsa é sin. "

"Ach níl ach cartán amháin ann."

"Tá."

Níor theastaigh míniúchán ó Ann. Draíocht na sióg a bheadh ann agus ní thuigfeadh sí tada.

"Go breá!" dúirt sí, ag breith ar an gcartán eile agus á cuir ar an mbord. “Teastaíonn seo uainn don tae.”

"Ó, sea tá do mhuintir ar cuairt!"

Sea, agus mura miste leat, b’fhearr liom go mbeifeá áit éigin eile ar feadh tamaill.”

Ná bí buartha,” a dúirt Troscán. "Ní fheiceann siad mé."

Sula bhféadfadh Ann sonraí a fháil, leag sé a cartán síos ar an mbord agus d’imigh sé gan tásc ná tuairisc. Bhí a fhios aici nach raibh sé imithe. De réir cosúlachta an t-áiléar a raibh cónaí air--ní raibh sé sin ann i saol an duine--ní raibh ach “twinkle away” nó caca éigin.

Is cuma léi. Rinne sí an tae, agus leathuair ina dhiaidh sin tháinig Auntie agus Uncail George.

Bhí siad ag caint sa seomra suí- bhí Auntie ag smaoineamh ar obráid athchur cromáin - nuair a chuaigh Troscán isteach, i t-léine agus i mbríste aclaíochta, ag triomú a adharca le tuáille. Chaith sé é féin i cathaoir uillinne, cos thar lámh amháin, ansin thosaigh sé ag scrollaigh trína fhón póca. Cathain a d’úsáid na sióga teileafóin phóca?

Anois, cad fútsa?” bhí Auntie ag fiafraí. "Ar bhuail tú le fear óg deas fós?"

Rinne Troscán gáire os ard faoi seo, chomh hard sin bhí Ann cinnte go gcloisfeadh Auntie agus Uncail George. Ach níor thug siad aon chomhartha gur chuala siad nó go bhfaca siad an fear .

Ghabh Troscán a leithscéal. “Brón orm, ní raibh neart agam orm féin,” a dúirt sé. “Gheobhaidh mé roinnt brioscaí ...” Shiúil sé go dtí an chistin.

Rinne Ann iarracht neamhaird a dhéanamh air. "Cad mar gheall ar níos mó bainne?" a dúirt sí, doirt cuid den chartán ina dhá chupán agus agus í féin.

"An-deas. Ach ní freagra é sin ... ”

Gabh mo leithscéal,” chuir Uncail George isteach, “Cén cineál bainne é sin? Coinníonn an cartán ag athrú datha ... ”

Ar eagla na heagla, rug Ann ar an gcartán. Branda hipster a bhí ann, le bó chartúin ag gealladh úire. Ach, bhí an bhó a bheith ag spraoi go mall sa ghort, an pictiúr ag bogadh cosúil le nuachtán i Harry Potter, agus bhí grian an chartán ag luí, ag athrú dathanna an chartán dá réir.

"Troscán!" a scairt Ann. Ansin chuimhnigh sí nach bhféadfadh aon duine eile é a fheiceáil. Bhreathnaigh a haintín agus a uncail timpeall, ag an troscáin, ag smaoineamh ar cad a bhí mícheart.

"Tá brón orm!" a dúirt Ann, ag smaoineamh go tapa. “Ba ardú céime speisialta é. Pacáistiú beoite. Ach tá sé an-daor! Cuirfidh mé ar ais sa chistin é ... "

Tá sé ceart go leor,” a dúirt Auntie, ag seasamh suas. “Caithfimid dul ar aon nós, nó beimid déanach inár gclub beiriste.” Phóg Auntie Ann ar an leiceann. “Ach caithfidh tú insint dom faoin bhfear nua seo i do shaol…. Goitse, George.”

Faoisimh uirthi, bhreathnaigh Ann ar George ag éirí aníos agus leanann a bhean amach an doras. Go gairid thiomáin an carr ar shiúl.

Ansin bhreathnaigh Ann ar an gcartán bainne. Bhí an bhó ar an bhféar ina codladh agus réaltaí ag maisiú barr an chartáin. Ghlaoigh Troscán ón gcistin, “Cá bhfuil mo bhainne?”

Sílim gur ól muid é ...” a dúirt Ann go neamhchinnte. Ní raibh a tae ólta aici. Ghluais an leacht timpeall amhail is dá mba ag corraigh féin. Bainne . In ainm Dé…

Go tobann bhí Troscán ag teannadh léi. D’athraigh fearg a chuma. Bhí sé go hálainn fós, ach lonraigh solas contúirteach óna shúile agus chaith sé scáth thar an seomra.

"Ar ól tú mo bhainne?" a scairt sé, a ghuth ag macalla cosúil le céad adharc.

 


 

Ach ní raibh eagla ar Ann.

"Ná béicíl orm i mo theach, ‘Galadriel Dorcha’!"

Ansin mhaolaigh an scáth taobh thiar de Troscán.

Tá an-bhrón orm,” a dúirt sé. “Ach ní rud cliste é sin le déanamh. Tá rialacha ann ... ”

Níor theastaigh uaim é a dhéanamh! Caithfidh gur rug mé ar an gceann mícheart... ”

Ansin chonaic Ann dhá rud, rudaí a rinne Auntie agus Uncail George dearmad:  cána agus umar ocsaigine.

Lig Troscán osna throm as. “Tá súil againn nach bhfaighidh mo mhuintir amach.”

 

~~~

Scéalta le Ann agus Troscán

1: Naoi Bhfocal, Ón Taobh  (Ar dtús i mBéarla)

2: Bainne na nÓg

3: Rialacha an Tí